Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D' éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.
rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá.
Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.
Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d' usáidtí i seirbhís an Teampaill.
Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d' ór mar ór, agus a raibh déanta d' airgead mar airgead.
Maidir leis an dá cholún, [an t-aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.
Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.
Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.
sa tríú bliain fichead de réimeas Nabúcadnazar, rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i láimh de na Giúdaigh seacht gcéad agus cúigear is daichead. Ceithre mhíle agus sé chéad, an uimhir ar fad.
Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.