|
| 1 |
|
| Mise an fear a d' fhulaing cruatan faoi shúiste a dhíbheirge. |
|
| 2 |
|
| Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé. |
|
| 3 |
|
| I m' aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámha ar feadh an lae go léir. |
|
| 4 |
|
| Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aige bhris sé mo chnámha go léir. |
|
| 5 |
|
| Thóg sé balla i m' aghaidh agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis. |
|
| 6 |
|
| Thug sé orm cónaí sa dorchadas ar nós na marbh a d' éag fadó. |
|
| 7 |
|
| Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n-éalóinn agus chuir sé le meáchan mo shlabhra. |
|
| 8 |
|
| Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m' achainí. |
|
| 9 |
|
| Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha; chuir sé cor i mo bhóithre go léir. |
|
| 10 |
|
| Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí bhí sé in oirchill orm. |
|
| 11 |
|
| Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d' fhág sé treascartha tréigthe mé. |
|
| 12 |
|
| Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé mar sprioc dá shaighead. |
|
| 13 |
|
| Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada isteach i m' áranna. |
|
| 14 |
|
| Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir, mé i m' ábhar aoire acu ar feadh an lae. |
|
| 15 |
|
| Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta. |
|
| 16 |
|
| Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m' fhiacla, agus chlúdaigh sé mé le luaithreach. |
|
| 17 |
|
| Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann. |
|
| 18 |
|
| Is é a deirim: «Tá mo bhuaine curtha ó chrích; tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.» |
|
| 19 |
|
| Cuimhnigh ar m' angar agus ar mo chuid fánaíochta, ar an mormónta agus ar an domlas. |
|
| 20 |
|
| Is cuimhin liomsa go sármhaith iad agus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr. |
|
| 21 |
|
| Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne, mar is é fáth mo dhóchais é: |
|
| 22 |
|
| Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc. |
|
| 23 |
|
| Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht. |
|
| 24 |
|
| «Is é an Tiarna mo chuid den saol,» a deirim, «is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.» |
|
| 25 |
|
| Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis, don duine a bhíonn á lorg. |
|
| 26 |
|
| Is maith an ní é fanacht go foighneach le slánú an Tiarna. |
|
| 27 |
|
| Is é leas an duine an chuing a iompar le linn a óige. |
|
| 28 |
|
| Agus suí go tostach ar leithrigh, nuair a chuirtear air í, |
|
| 29 |
|
| agus luí síos béal faoi sa luaithreach b' fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós |
|
| 30 |
|
| agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt. |
|
| 31 |
|
| Óir ní go síoraí seasta a shéanfaidh an Tiarna a phobal; |
|
| 32 |
|
| má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá; |
|
| 33 |
|
| mar ní óna chroí a dhéanann sé an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá. |
|
| 34 |
|
| Nuair a ghabhtar de chosa i gcimí uile na tíre, |
|
| 35 |
|
| nuair a sháraítear cearta an duine i láthair an Té is Airde; |
|
| 36 |
|
| nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí, an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é? |
|
| 37 |
|
| Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é? |
|
| 38 |
|
| Nach ó bhéal an Té is Airde a thagann an t-olc agus an mhaith? |
|
| 39 |
|
| Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d' ainneoin a pheacaí? |
|
| 40 |
|
| Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna. |
|
| 41 |
|
| Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon chun Dé atá sna flaithis go hard. |
|
| 42 |
|
| «Tá peacaí agus ceannairc déanta againne; níor thug tú féin maithiúnas dúinn. |
|
| 43 |
|
| Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umat agus rinne tú sléacht orainn gan trua. |
|
| 44 |
|
| D' fholaigh tú thú féin i néal ionas nach bpollfadh ár n-urnaí tríd. |
|
| 45 |
|
| Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn i measc na náisiún. |
|
| 46 |
|
| D' oscail ár naimhde go léir a mbéal inár n-aghaidh. |
|
| 47 |
|
| Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn, léirscrios agus lot. |
|
| 48 |
|
| Tá linnte uisce le mo shúile de dheasca dhíothú mo phobail ionúine. |
|
| 49 |
|
| Sileann deora ó mo shúile gan stad, mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith |
|
| 50 |
|
| go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamh chun feachaint orm. |
|
| 51 |
|
| Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúile dá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach. |
|
| 52 |
|
| An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis, chuaigh siad sa tóir orm mar éan. |
|
| 53 |
|
| Chaith siad beo mé síos sa charcair agus dhún siad le cloch orm í. |
|
| 54 |
|
| D' éirigh an t-uisce os mo chionn agus dúirt mé: 'Tá deireadh liom!' |
|
| 55 |
|
| Ghlaoigh mé ar d' ainm, a Thiarna, ó íochtar na carcrach doimhne. |
|
| 56 |
|
| Chuala tú mo ghuí: 'Ná tabhair an chluas bhodhar do m' éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.' |
|
| 57 |
|
| Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ort agus dúirt: 'Ná bíodh eagla ort.' |
|
| 58 |
|
| D' agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi agus d' fhuascail tú m' anam. |
|
| 59 |
|
| Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm; seas ceart dom. |
|
| 60 |
|
| Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm, a ndrochbheartaíocht uile i m' aghaidh. |
|
| 61 |
|
| Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán, faoina ndrochiompar uile i mo choinne, |
|
| 62 |
|
| faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m' ionsaithe ar feadh an lae go léir. |
|
| 63 |
|
| Bíodh siad ina suí nó ina seasamh, féach gur mise is ábhar aoire acu. |
|
| 64 |
|
| Bain sásamh astu, a Thiarna, de réir a ndrochbheart; |
|
| 65 |
|
| tabhair stuacacht chroí dóibh: bíodh do mhallacht orthu; |
|
| 66 |
|
| le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios de dhruim na talún, a Thiarna.» |
|
|
|
|