|
| 1 |
|
| Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn; Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn. |
|
| 2 |
|
| Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséirí agus ár dtithe i seilbh allúrach. |
|
| 3 |
|
| Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar; baintreacha is ea ár máithreacha. |
|
| 4 |
|
| An t-uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach; bíonn orainn íoc as ár n-adhmad féin. |
|
| 5 |
|
| Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn; nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn. |
|
| 6 |
|
| Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil. |
|
| 7 |
|
| Pheacaigh ár n-aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta. |
|
| 8 |
|
| Tá sclábhaithe dár rialú; agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu. |
|
| 9 |
|
| Is i mbaol ár n-anama a fhaighimid soláthar bia mar gheall ar shladaithe an fhásaigh. |
|
| 10 |
|
| Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh. |
|
| 11 |
|
| Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá. |
|
| 12 |
|
| Crochadh ár bhflatha; ní thugtar ómós do sheandaoine. |
|
| 13 |
|
| Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid. |
|
| 14 |
|
| Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó agus tá an t-aos óg tar éis éirí as an gceol. |
|
| 15 |
|
| Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroí agus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta. |
|
| 16 |
|
| Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar. |
|
| 17 |
|
| Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn agus ár súile go dúdhorcha dall: |
|
| 18 |
|
| toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann. |
|
| 19 |
|
| Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách; beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin. |
|
| 20 |
|
| Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain? |
|
| 21 |
|
| Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort; athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód. |
|
| 22 |
|
| Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach, is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn. |
|
|
|
|