Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d' imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú.
Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i d' ábhar déistine an lá a rugadh thú.
agus fás amhail féar na páirce.' D' fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.
Ar ghabháil tharat arís dom d' amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat an Tiarna Dia a labhraíonn agus ba liomsa thú.
Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D' éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona.
«Ach d' éirigh tú teann as clú d' áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.
Ghlac tú de d' éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.
Mar an gcéanna, an t-arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d' ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra an Tiarna Dia a labhraíonn.
Thóg tú d' ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach.
Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d' fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
Ba neamhchosúil thú leis na mná eile sa striapachas duit: níor gríosaíodh tusa chun striapachais. Tú féin a d' fhostaigh nuair nár fostaíodh tusa. Ar an dóigh seo ba neamhchosúil leo siúd thú.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d' íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;
dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t-aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht.
Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé d' fhuil féin go héadmhar feargach.
Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d' ardán agus scriosfaidh d' ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht.
Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh.
De bhrí nár chuimhin leat laethanta d' óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d' imeachtaí gránna eile?
Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d' athair.
Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.
Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.
Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n-imeachtaí gránna seo agat féin.
Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.
sular foilsíodh d' olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.
Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t-óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.
ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat an Tiarna Dia a labhraíonn.»