Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| «A mhic an duine,» ar sé, «éirigh i do sheasamh agus labhróidh mé leat.» |
| 2 |
| Le linn dó labhairt tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom. |
| 3 |
| «A mhic an duine,» ar sé, «seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d' éirigh amach i m' aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m' aghaidh go dtí an lá inniu féin. |
| 4 |
| Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: 'Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.' |
| 5 |
| Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc. |
| 6 |
| Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: 'Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.' Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad. |
| 7 |
| Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad. |
| 8 |
| «Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.» |
| 9 |
| Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti. |
| 10 |
| D' oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air «caointe agus tuirimh agus marbhnaí». |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/ezekiel/002.mp3
48
2