Agus abair ré tír Israel, Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, atáim ad aghaidh, agus tairreonga mé mo chloidheamh amach as a dhubla, agus gearrfad amach úait an fíreun agus an ciontach.
Do bhrígh go ngéarrfa mé amach uáit an fíréan agus an ciontach, uimesin rachfuidh mo chloidheamh amach as a thruáill a naghaidh a nuile fhéola ón deisceart gus an ttúaisceart:
Agus biáidh ann, a nuáir a déaruid síad riot, Cred as a nuchbhadhann tú? go bhfreagora tú, Ar son na scéul; do bhrígh go ttig sé: agus leighfidh a nuile chroidhe, agus biáid na huile lámha lag, agus anbhfainneochuidh gach uile spiorad, agus biáid na huile ghlúine lag amhuil uisge: féuch, atá sé ag teacht, agus do bhéarthar a ccrích é á deir an Tighearna DIA.
A mhic an duine, tairrghir, agus abair, Is marso a deir an TIGHEARNA; Abair, Ata cloidheamh, cloidheamh ar na ghéarughadh, agus ar na líomhadh mar an ccéadna:
Atá sé ar na ghéarughadh do dhéanamh áir dhoiligh; atá sé ar na líomhadh chor go loinnreochadh sé: a ndéanmaóisne maiseadh sólás? dísbeaguidh sé slat mo mhicse, amhuil a nuile chrann.
Eígh agus núalluidh, a mhic an duine: óir biáidh sé air mo dhaoinibhsi, bíaidh se air phrionnsadhibh Israel éile: biáidh úamhan do bhrígh an chloidhimh air mo phobalsa: uimesin buáil air do shlíasuid.
Tairrghirsi ar a nadhbharsin, a mhic an duine, agus buáil do lámha air a chéile, agus bíodh an cloidheamh dúbalta an treas uáir, cloidheamh na marbh: isé sin cloidheamh na ndaóine móra tá marbh, noch théid a steach ann a seomradhuibh díamhra.
Do shuighidh mé bairrdheis an chloidhimh a naghaidh a ngeatadh uile, chor go meirtneochadh a ccroidhe, agus go méideochthar a naidhmhillte: uch! do rinneadh loinnreach é, do filleadh súas chum a náir é.
Mar an ccéadna, a mhic an duine, cinn dhá shlighe dhuit féin, chor go ttiucfa cloidheamh rígh na Babilóine: tiucfuidh aráon cúpla amach as aón tír: agus toghsa áit, togh í ag ceann na sligheadh chum na caithreach.
Oír do sheas rígh na Babilóine a ndealughadh na sligheadh, ag ceann an dá shligheadh, do dheanamh fáistine: do rinne sé a shoighde déallruightheach, do chomhairligh sé lé híomhaighibh, dféuch sé annsna náeghibh.
Ar a láimh dheis do bhí fáistine do Ierusalem, dórdughadh caiptíneadh, doscladh an bhéil annsa nár, do thogbháil an ghotha súas maille ré gáir, dordughadh reitheadh tolta a naghaidh na ngeatadh, do theilgion mótadh, agus do chur daingnigh súas.
Agus biáidh sé dhóibhsion amhuil fáistine bhréige iona radharc, don druing thug mionna: agus goirfidh sé chum cuimhne a néicceart, iondus go ngéabhthar íad.
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go ttugabhair fa deara bhur néigceart do chuimhniughadh, an tan do foillsigheadh bhur sáruighthe, iondus go ttaisbéantar bhur bpeacuidh ann bhur ngniomhuibh uile; do bhrígh go ttangabhair chum cuimhne, geabhthar sibh leis an láimh.
Is marso a deir an Tighearna DIA; Athruigh an banna ríoghamhuil, agus beain díot an choróin: ní budh hí so an ccéadna: árduigh an té is ísiol, agus ísligh an té is árd.
¶ Agus thusa, a mhic an duine, tairrghir agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA a ttáobh na Nammoníteach, agus a ttáobh a masla; eadhon abair thusa, Atá an cloidheamh, an cloidheamh tairrngthe: liomhthar é chum a náir, do dhíothughadh do bhrígh an déalruighthe:
An feadh do chífid díomhaóineas duitse, an feadh fháistinighid bréaga dhuit, dot thabhairt air mhuinéuluibh na druinge marbhthar leis na ciontachaibh, noch dá ttáinic a lá, an tan chríochnochthar a néigceart.
Agus dóirtfidh mé amach mfearg ort, séidfidh mé ad aghaidh a tteine mo dhíoghaltais, agus do bhéara mé thú a láimh dhaóine brúideamhla, agus éolach air aidhmhilleadh.