Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n-óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.
Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n-ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.
Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.
D' fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d' imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.
Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n-ógánaigh tharraingteacha.
criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.
«Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d' éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,
na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n-ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.
Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.
Díreoidh mé m' éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d' iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine.
Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó.
Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ólfaidh tú as corn do dheirféar go domhain agus go fairsing, corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ort le flúirse na dí.
Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n-íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n-íola díobh.
An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n-íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa.
«Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;
Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.