tairngir uime sin agus abair: Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí gur bánaíodh, sea, agus gur scriosadh sibh ó gach taobh ionas go ndeachaigh na ciníocha eile i seilbh oraibh agus gur thosaigh cúlchaint agus scéalta mailíseacha ag dul thart i measc an phobail fúibh;
dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird:
sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach m' éada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne.
Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha.
Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n-oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.
Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine an Tiarna Dia a labhraíonn.»
«A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n-iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.
Agus anois, thruailligh siad m' ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: 'Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.'
«Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m' ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.
Naomhóidh mé m' ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna an Tiarna Dia a labhraíonn nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.
Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.
Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.
Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n-iompar, a mhuintir Iosrael.
Déarfaidh siad: 'An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.'
Tuigfidh na ciníocha máguaird gur mise, an Tiarna, a d' atóg na fothracha agus a d' ithchuir an fásach. Mise, an Tiarna, a labhair agus tabharfaidh mé chun críche é.
amhail tréad naofa, amhail tréad in Iarúsailéim ar na féilte sollúnta. Mar sin a líonfar na cathracha bánaithe le tréad daoine. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.»