Dúirt an fear liom: «A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d' intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.»
Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.
agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.
Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha.
Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.
Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí a thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse [ar aon mhiosúr leis na cinn éile]. Bhí fuinneoga thart timpeall air: bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
Bhí fosta ceithre thábla de chlocha snoite do na híobairtí dóite, a bhí banlámh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh ar airde, ar a gcuirtí na gréithre go léir le haghaidh marú na n-íobairtí dóite agus na n-ofrálacha.
Thug sé ansin mé isteach sa chúirt inmheánach. Bhí dhá sheomra sa chúirt inmheánach, [ceann] ag taobh an gheata thuaidh ag féachaint ó dheas agus an ceann eile ag taobh an gheata theas ag féachaint ó thuaidh.
Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de.
Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n-ursaineacha ar gach taobh.