Bhí an bealach isteach deich mbanlámh ar leithead. Na ballaí ag dul isteach bhí siad cúig bhanlámh ar thaobh amháin agus cúig bhanlámh ar an taobh eile. Thomhais sé an halla; bhí sé daichead banlámh ar fad agus fiche banlámh ar leithead.
Isteach leis. Thomhais sé na hursaineacha ag dul isteach, a bhí dhá bhanlámh; ansin an bealach isteach, a bhí sé bhanlámh ar leithead; agus na ballaí ar gach taobh ag dul isteach, a bhí seacht mbanlámh.
Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill.
Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t-urlár ar barr tríd an urlár láir.
Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall.
An foirgneamh os comhair chlós seo an Teampaill ar an taobh thiar, bhí sé seachtó banlámh ar leithead agus nócha banlámh ar fad, agus bhí tiús cúig bhanlámh i mballa an fhoirgnimh thart timpeall.
Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach, Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh.
bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.
aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad.
altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d' adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: «Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.»