Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Thug sé ó thuaidh mé isteach sa chúirt inmheánach, go dtí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí [ar an taobh thuaidh] den fhoirgneamh. |
| 2 |
| Bhí siad céad banlámh ar fad, ag dul ó thuaidh, agus caoga banlámh ar leithead. |
| 3 |
| In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu. |
| 4 |
| Bhí cosán isteach os comhair na seomraí a bhí deich mbanlámh ar leithead agus céad banlámh ar fad; d' oscail na doirse ó thuaidh. |
| 5 |
| Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n-áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh. |
| 6 |
| Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár. |
| 7 |
| Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad. |
| 8 |
| Bhí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí caoga banlámh ar fad, agus na cinn ar aghaidh an Teampaill, bhí siad céad banlámh. |
| 9 |
| Faoi na seomraí seo bhí bealach isteach anoir ón gcúirt sheachtrach. |
| 10 |
| I dtiús bhalla na cúirte [theas] ar aghaidh na cúirte agus an fhoirgnimh, bhí seomraí. |
| 11 |
| Bhí cosán rompu amach mar a bhí ó na seomraí thuaidh; bhí siad ar aon fhad agus ar aon leithead, agus an déanamh céanna orthu, doirse amach is isteach. |
| 12 |
| Faoi na seomraí ar an taobh theas bhí bealach isteach i dtreo an chrosbhalla, mar a dtéann duine isteach ón taobh thoir. |
| 13 |
| Dúirt sé liom: «Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n-íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh mar is áit naofa é seo. |
| 14 |
| Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.» |
| 15 |
| Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall. |
| 16 |
| Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. |
| 17 |
| Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. |
| 18 |
| Thomhais sé an taobh theas; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. |
| 19 |
| Thomhais sé an taobh thiar; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. |
| 20 |
| Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/ezekiel/042.mp3
48
42