Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.
Dúirt sé liom: «A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m' ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,
ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n-ursaineacha le hais m' ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m' ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.
Má bhíonn náire orthu de bharr a n-imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.
Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t-imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra:
ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead.
Beidh an plionta cearnógach fosta, ceithre bhanlámh déag ar fad agus ceithre bhanlámh déag ar leithead. Beidh an t-imeall thart air leathbhanlámh ar leithead agus a bhun banlámh thart timpeall. Beidh céimeanna na haltóra ag féachaint soir.
Dúirt sé liom: «A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo iad na deasghnátha don altóir. An lá a thógfar í le haghaidh ofráil íobairtí dóite agus doirteadh fola,
Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son.
Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n-íobairtí dóite agus bhur n-íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh an Tiarna Dia a labhraíonn.»