«Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán.
Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.
Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire.
Is do na sagairt choisricthe é sin, do mhic Zádóc a chomhlíon a ndualgais dom agus nár imigh ar seachrán nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán, amhail na Léivítigh.
Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle.
«An fuílleach, cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle is fiche ar fad, is le haghaidh na cathrach é, le haghaidh tithe cónaithe agus páirceanna. Beidh an chathair i lár báire;
agus seo mar a thomhaisfear í: ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thuaidh, ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh theas; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thoir; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thiar.
Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar.
An roinn seo a chuirfidh tú ar leataobh beidh sí ina cearnóg, cúig mhíle banlámh is fiche ar gach taobh; is é sin an roinn naofa agus talamh na cathrach le chéile.
Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár baire.
Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin.