D' amharc mé uaim agus chonaic neach i riocht fir. Síos ó chló a leasraigh bhí tine le feiceáil; agus óna leasrach suas bhí cuma gheal air amhail prás snasta.
Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d' ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.
Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.» D' ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.
Dúirt sé liom: «A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.»
Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.
Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: 'Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.'»
Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n-aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.
Dúirt sé liom ansin: «An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d' imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.