Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Uain na Feirge |
| 2 |
| Sna laethanta úd bhí mise, Dainéil, ag déanamh aithrí ar feadh trí seachtaine. |
| 3 |
| Níor chaith mé aon sólas, ní dheachaigh feoil ná fíon i mo bhéal, ná níor chuir mé uinnimint ar bith orm féin go ceann na dtrí sheachtaine sin. |
| 4 |
| Ar an gceathrú lá fichead den chéad mhí, ag seasamh dom ar bhruach na habhann móire, an Tigris is é sin, |
| 5 |
| d' ardaigh mé mo shúile agus d' fhéach mé: Seo fear in éadach lín, agus crios d' ór fíre timpeall a choime; |
| 6 |
| bhí a chorp mar bheiril, a cheannaithe ar dhealramh na tintrí, a shúile mar lóchrainn lasracha, a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa, foghar a bhriathar mar ghlór slua. |
| 7 |
| Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach. |
| 8 |
| Fágadh i m' aonar mé ag faire na físe móire seo; d' imigh mo neart, d' athraigh mo lí chun uafaireachta, agus chaill mé mo lúth. |
| 9 |
| Ansin chuala mé fuaim a bhriathra agus le fuaim a bhriathra thit mé i dtámhnéal ar mo bhéal agus ar m' fhiacla ar an talamh. |
| 10 |
| Féach! bhain lámh liom, agus chuir sí creathán ar mo ghlaca agus ar mo ghlúine. |
| 11 |
| Agus dúirt sé liom: «A Dhainéil, dá dtugtar mórghrá, tabhair cluas do na focail a déarfaidh mé leat: seas suas mar is chugatsa a cuireadh mé anois.» Ag rá na bhfocal seo dó siúd, d' éirigh mé i mo sheasamh agus mé ar crith. |
| 12 |
| Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ort, a Dhainéil, is clos d' fhocail ón gcéad lá ar dhírigh tú d' aigne ar an tuiscint agus ar bheartaigh tú thú féin a umhlú i láthair do Dhé; agus toisc do bhriathra atáimse tagtha. |
| 13 |
| Chuir prionsa ríocht na Peirse i mo choinne ar feadh lá agus fiche: ach tháinig Mícheál, ceann de na príomhphrionsaí, i gcabhair orm, agus d' fhág mé ansiúd é le prionsa ríocht na Peirse, |
| 14 |
| agus tháinig mé chun a chur i dtuiscint duit cad atá le titim amach do do mhuintir i gcrích na laethanta; mar féach, seo fís eile do na laethanta sin.» |
| 15 |
| Nuair a bhí na nithe sin ráite aige liom d' iompaigh mé m' aghaidh chun talún gan focal asam; |
| 16 |
| agus féach, neach amhail mac duine ag baint le mo bheola; ansin d' oscail mé mo bhéal chun labhartha, agus dúirt mé leis an té a sheas os mo chomhair: «A thiarna, de dheasca na físe tháinig pianta orm agus fágadh gan neart mé. |
| 17 |
| Agus conas is féidir le searbhónta do thiarna labhairt le do thiarna, mar nach bhfuil aon neart fágtha ionam agus gan anáil ionam.» |
| 18 |
| Bhain an té a bhí ar dhealramh duine liom arís agus neartaigh mé. |
| 19 |
| Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!» Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: «Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.» |
| 20 |
| 20a Ansin dúirt sé: «An eol duit cén fáth ar tháinig mé chugat? 20b Caithfidh mé filleadh chun catha le prionsa na Peirse; nuair a bheidh mé réidh leis, féach, tiocfaidh prionsa na Gréige. ABN: 20a, 21a, 20b, 21b |
| 21 |
| 21a Is d' fhonn go n-inseoinn duit cad atá scríofa i leabhar na fírinne. 21b Níl neach a throidfeadh láimh liom ina gcoinne seo ach Mícheál, bhur bprionsa, |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/daniel/010.mp3
12
10