Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| «San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar. |
| 2 |
| Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí. |
| 3 |
| Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta. |
| 4 |
| «Ach tusa, a Dhainéil, iaigh na briathra agus cuir séala ar an leabhar go huain na críche. Rithfidh mórán anseo agus ansiúd, agus méadóidh ar an eolas.» |
| 5 |
| Ansin d' fhéach mise, Dainéil, agus féach beirt eile ina seasamh, duine ar an mbruach seo agus duine ar an mbruach thall den abhainn. |
| 6 |
| Dúirt [duine díobh] leis an bhfear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha: «An fada go críoch na n-iontas seo?» |
| 7 |
| An fear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha, d' ardaigh sé a lámh dheas agus a lámh chlé chun neimhe agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann de shíor: «Go ceann ré, dhá ré agus leathré, agus comhlíonfar na nithe seo uile nuair a bheidh deireadh le smiotadh chumhacht na naomh.» |
| 8 |
| Chuala mé, ach níor thuig mé. Ansin dúirt mé: «A thiarna liom, cad é an chríoch a bheidh leo siúd?» |
| 9 |
| Dúirt sé: «Imigh leat, a Dhainéil, mar tá na briathra iata séalaithe go huain na críche. |
| 10 |
| Déanfaidh a lán iad féin a ghlanadh, a scagadh, agus a ghealadh; ach déanfaidh na drochdhaoine an urchóid; ní thuigfidh na drochdhaoine; tuigfidh na saoithe. |
| 11 |
| Agus ón uair a thógfar an uileloscadh buan chun siúil agus a chuirfear suas gráiniúlacht an léirscriosta, míle dhá chéad is a nócha lá. |
| 12 |
| Is beannaithe an té a mhairfidh agus a thiocfaidh chun an mhíle trí chéad tríocha is a cúig lá. |
| 13 |
| Ach imighse leat (go dtaga an chríoch); tóg do shuaimhneas, agus éireoidh tú chun an ionaid atá beartaithe duit i gcríoch na laethanta.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/daniel/012.mp3
12
12