Ansin d' ordaigh an rí glaoch ar an lucht gintlíochta agus draíochta, ar na hasarlaithe agus ar na Caildéigh, chun a thaibhrimh a insint don rí. Tháinig siadsan isteach dá bhrí sin agus sheas siad i láthair an rí.
D' fhreagair an rí na Caildéigh: «Chun gurbh eol daoibh mo bheartas cinnte: mura léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall domsa, stollfar bhur mbaill óna chéile agus scartálfar bhur dtithe ó bhonn.
Ach má léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall dom gheobhaidh sibh uaim tabhartais agus luaíochtaí agus iomad onóra. Léirígí dom an taibhreamh dá bhrí sin agus mínigí dom a chiall.»
mura n-insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t-aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t-am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.»
D' fhreagair na Caildéigh an rí: «Níl aon duine ar talamh a d' fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d' iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach.
chun go n-impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine.
Athraíonn sé uaine agus réanna agus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe, a thugann eagna do shaoithe, agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu.
Duitse, a Dhia m' aithreacha, a bheirim buíochas agus moladh Mar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht]; féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon; léirigh tú dúinn fadhb an rí.
Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: «Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.»
Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo d' aisling agus físeanna do chinn ar do leaba:
«I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, d' fhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche.
Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí.
D' fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d' iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh.
Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile.
cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin.
Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t-iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t-iarann a bhriseann gach ní.
Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d' iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib.
Mar a chonaic tú an t-iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t-iarann leis an gcré.
I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,
díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.»
Dúirt an rí le Dainéil: «Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d' fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.»
Rinne Dainéil achainí chun an rí ansin i dtreo gur chuir sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, ach d' fhan Dainéil féin i gcúirt an rí.