Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide. 2 |
| 2 |
| 3 Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit. |
| 3 |
| 4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: «A Dhia linn» do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta). |
| 4 |
| 5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht, tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar, mar ní díol feirge liom iad níos mó. |
| 5 |
| 6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht. Bláthóidh sí ar nós na lile, agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha mar a dhéanann an stóracs. |
| 6 |
| 7 Caithreoidh a géagáin; áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraics a dháilfear uirthi. |
| 7 |
| 8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine. |
| 8 |
| 9 Cad ab áil le hEafráim d' íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa. |
| 9 |
| Tuigeadh an t-eagnaí na briathra sin: bíodh grinneolas ag an saoi orthu. Óir is díreach iad bealaí an Tiarna agus gluaiseann na fíréin dá réir, ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta. 10 |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/hosea/014.mp3
14
14