Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| «Imigh leat arís,» arsa an Tiarna liom, «tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n-iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.» |
| 2 |
| Cheannaigh mé dom féin í mar sin ar chúig sheicil déag airgid agus ómar go leith eorna. |
| 3 |
| Dúirt mé léi ansin: «Beidh ort lonnú liom go ciúin go ceann mórán laethanta eile gan aon striapachas a dhéanamh agus gan tú a bheith ag aon fhear eile agus gan aon chaidreamh agamsa leat ach oiread.» |
| 4 |
| Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí. |
| 5 |
| Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh). |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/hosea/003.mp3
14
3