Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.
Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t-eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d' éirigh siad as bheith faoina nDia féin.
Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n-iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.
Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n-iníonacha, ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac; óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh, agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais. Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.