Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| «Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha. |
| 2 |
| Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair. |
| 3 |
| Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.» |
| 4 |
| Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath. |
| 5 |
| Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais. |
| 6 |
| Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite. |
| 7 |
| Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm. |
| 8 |
| Cathair lucht míghníomha is ea Gileád, agus tá rian na fola uirthi. |
| 9 |
| Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha! |
| 10 |
| I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael. |
| 11 |
| (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.) |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/hosea/006.mp3
14
6