Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.
Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.
Rompu amach tá tine ag ídiú léi agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh. Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh; ní théann aon ní slán uathu.
Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh déanann siad torann mar thormáil carbad nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.
Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre; amhail fir chogaidh dreapann siad an balla; téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin agus ní chlaonann siad óna raon.
Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh.
Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe.
Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t-arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?
agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.» Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t-olc.
Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia.
Cruinnigí an pobal, ordaígí tionól, bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile, fiú na naíonáin chíche féin. Imíodh an nuachéile as a sheomra agus an nuachar as a cailleach.
Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: «Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d' oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ' Cá bhfuil a nDia siúd?'»
D' fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt: «Féach, tá arbhar agus úrfhíon agus ola nua á gcur chugaibh agam agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh arís go deo os comhair na náisiún.
Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.
Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread, a bheithíocha an mhachaire! Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís agus na crainn trom faoi thorthaí agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.
«A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.
Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d' ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m' arm mór a chuir mé in bhur n-aghaidh.
«Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).
Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.
3:5 Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é. Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón, faoi mar a dúirt an Tiarna agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu.