Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.
Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.
Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t-iomlán ar an altóir. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t-iomlán ar an altóir. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.