Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d' ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.
Dúirt Maois le hÁrón: «Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ' Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.'» Níor fhan focal ag Árón.
Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: «Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.»
Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: «Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
«Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: «Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d' íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.
Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d' iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d' íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d' iníonacha mar aon leat.
An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d' ordaigh an Tiarna.»
Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:
«Cén fáth,» ar sé, «nár ith sibh an t-íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d' fhonn go n-iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.
Dúirt Árón le Maois: «D' ofráil siad a n-íobairt pheaca agus a n-íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n-íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?»