Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;
Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:
ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.
Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! an t-iolar, an bhadhb, an coirneach;
De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.
Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh;
Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan.
Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.
Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.
Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad.
Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
Sin é an dlí i dtaobh na n-ainmhithe go léir, na n-éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,