«Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.
Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t-othar a fhógairt neamhghlan.
Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t-othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.
Déanadh an sagart é a scrudú arís ar an seachtú lá, agus más dóigh leis go bhfuil an galar ceansaithe, gan leathadh in aon bhall eile, cuireadh sé ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá eile.
Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
Ach má leathann an ghearb ar an gcraiceann tar éis don othar é féin a thaispeáint don sagart agus é a fhógairt glan, tagadh sé i láthair an tsagairt arís.
ansin is lobhra mharthanach atá ar an gcraiceann agus ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Níl sé lena choimeád ar leithrigh; tá sé neamhghlan gan aon agó.
ansin ní foláir don sagart an t-othar a iniúchadh agus má fhaigheann sé amach go gclúdaíonn an lobhra an corp ar fad, fógraíodh sé an t-othar glan. Ó tá an cneas go léir éirithe geal, tá sé glan.
Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid.
Ach arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart an fionnadh liath agus nach bhfuil sí dulta sa bheo, ach feo sa bhall galair, cuireadh sé an duine ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.
ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist.
Ar an láimh eile mura bhfaigheann an sagart, arna iniúchadh, fionnadh liath ar an ngoirín, ná é dulta sa bheo, ach é ag feo, ansin cuireadh an sagart ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá.
Ach má fhanann an spota san aon áit, gan leathadh ar an gcneas, ach a bheith ag feo, fágann sin gur séideadh ón dó é. Fógraíodh an sagart an duine glan; níl i gceist ach créacht ón dó.
scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.
Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t-othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá,
ansin bearradh an t-othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile.
Ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an ball tinn agus mura bhfuil sé leata ar an gcneas, agus nach bhfuil sé dulta sa bheo de réir dealraimh, ansin fógraíodh an sagart glan é; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
ansin scrúdaíodh an sagart é, agus má bhíonn an tine dhia leata ar an gcneas dáiríre, fágann sin go bhfuil an t-othar neamhghlan, agus ní gá don sagart an fionnadh buí a chuardach.
Ach má bhíonn an tine dhia ceansaithe dar leis, agus go mbíonn fionnadh dubh ag fás arís uirthi, fágann sin go bhfuil an tine dhia leigheasta. Tá sé glan. Fógraíodh an sagart glan é.
«An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: 'Neamhghlan! Neamhghlan!'
agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.
Ar an seachtú lá, má fheiceann sé go bhfuil an lot leata ar an mball éadaigh, nó ar an ábhar, ar an tseithe nó ar an déantús leathair, cibé acu a bhíonn i gceist, is lobhra thógálach a bhíonn i gceist agus tá an rud féin neamhghlan.
Dódh sé an ball éadaigh, nó an t-ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.
«Ach arna scrúdú dó, má fhaigheann an sagart amach nár leath an lot ar an mball éadaigh, ar an ábhar, ar an mbrat, ná ar an déantús leathair cibé sórt é,
déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.
«Ach má dhéanann an sagart é a iniúchadh agus go bhfaigheann sé amach go bhfuil an lot tráite tar éis a nite, gearradh sé anuas é den bhall éadaigh, den leathar, den ábhar nó den bhrat.
Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite.
Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.»