ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe.
Ansin beireadh sé leis an t-éan beo, an t-admhad céadrais, an t-ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha.
Agus craitheadh sé seacht n-uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t-éan beo.
An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.
Ar an seachtú lá bearradh sé a ghruaig go léir idir cheann, mhalaí agus fhéasóg; bearradh sé a ghruaig on bpréamh. Tar éis dó a chuid éadaigh agus é féin a ní, bíodh sé glan.
Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.
Maraíodh sé an t-uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.
Tógadh an sagart fuil na híobartha seo, agus cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té a bhíonn á ghlanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.
Ansin cuireadh sé cuid den ola a fhanfaidh ar a bhois ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, agus ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise anuas is é sin ar fhuil an íobairt leorghnímh.
Fuílleach na fola i mbois a láimhe cuireadh an sagart é ar cheann an té atá le glanadh. Mar sin a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh i láthair an Tiarna.
Ansin ofráladh an sagart an íobairt pheaca agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh ar son an té atá le glanadh. Maraíodh sé ina dhiaidh sin íobarthach an uileloiscthe,
agus íobraíodh an sagart an íobairt uileloiscthe agus an abhlann ar an altóir. Nuair a bheidh gnás an leorghnímh comhlíonta ag an sagart dó ar an gcuma sin, bíodh sé glan.
«Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola,
Ansin maraíodh sé an t-uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.
Cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, ar ordóg á láimhe deise, ar ordóg a choise deise, mar a rinne le fuil an íobairt leorghnímh.
An chuid eile den ola a fhanfaidh ar a bhois, cuireadh sé é ar cheann an té atá le glanadh, ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar a shon i láthair an Tiarna.
déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.
Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh,
Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.
agus tógadh sé an t-adhmad céadrais, an chraobh íosóipe, agus an t-ábhar craorag, agus an t-éan beo, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha agus croitheadh sé seacht n-uaire ar an teach í.
Tar éis dó an teach a ghlanadh le fuil an éin, leis an uisce reatha, leis an éan beo, leis an adhmad céadrais, leis an gcraobh íosóipe, agus leis an ábhar craorag,
scaoileadh sé leis an éan beo saor faoi na bánta ón gcathair amach. Nuair a bhíonn gnás an ghlanta comhlíonta ar an gcuma seo don teach, bíodh sé glan.