Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan.
Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.
Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.
Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.
Má sceitheann bean fuil ar feadh a lán laethanta lasmuigh dá cúrsaí míosa, nó má bhíonn breis faid lena cúrsaí, bíodh an neamhghlaine chéanna ag roinnt léi, le linn an sceite, agus a bheadh le linn a cúrsaí míosa.
Aon leaba ar a luífidh sí fad a mhaireann an sceith seo, gurb é an dála céanna aici agus ag an leaba ar a luíonn sí le linn a cúrsaí míosa. Aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan dála neamhghlaine a cúrsaí.
Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d' fhág neamhghlan í.