«Abair le clann Iosrael: Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air.
Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m' ainm naofa ar an gcuma sin.
tabharfaidh mé aghaidh air féin agus ar a threibh, agus gearrfaidh mé amach ona bpobal iad é féin agus cách a leanann é ag déanamh striapachais i ndiaidh Mhoilic.
Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
Uime sin: Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin.
Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é an t-adhaltrach fir agus an t-adhaltrach mná chomh maith.
Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.
Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air.
Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d' fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.
Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.
Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.
Uime sin ní foláir daoibh an t-ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t-éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.
Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu. Bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.»