«Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m' ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna.
Abair é seo leo: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n-íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna.
Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,
Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.
«Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael: Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,
Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t-ainmhí más den tréad nó den táin é foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.
Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d' ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
«Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.