Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.
Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé mac na hIosraelaí ar aighneas le hIosraelach sa champa.
«Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.
An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.
Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin.