Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail.
Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.
Ní foláir dó cuid den íobairt chomaoineach a ofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,
Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra.
Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna ón íobairt chomaoineach: an tsaill, an t-eireaball méith go léir á ghearradh ón bhfréamh ag cnámh an droma, an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,