Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. |
| 2 |
| Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n-aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo. |
| 3 |
| An Damaisc agus na Feorainn |
| 4 |
| teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil, a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad; |
| 5 |
| brisfidh mé barraí gheata na Damaisce agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin agus rialtóir Bhéit Eidin; agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír, a deir an Tiarna. |
| 6 |
| Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm, |
| 7 |
| teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis; |
| 8 |
| díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia. |
| 9 |
| Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre, |
| 10 |
| teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre a dhófaidh go talamh a páláis. |
| 11 |
| Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg, |
| 12 |
| teilgfidh mé tine síos ar Théamán a dhófaidh go talamh páláis Bhozrá. |
| 13 |
| Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin, |
| 14 |
| lasfaidh mé tine i mballa Rabá agus dófaidh sí a páláis le gáir lá an chatha, le stoirm lá na doininne; |
| 15 |
| agus rachaidh a rí ar deoraíocht, é féin agus a phrionsaí leis, a deir an Tiarna. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/amos/001.mp3
9
1