Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.
Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.
An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: «An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?» Freagróidh seisean: «Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.»
Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua, gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne, cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamát ó dheas go sileán an Arabá.