Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 2 Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, |
| 2 |
| «Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d' éist tú le mo ghuth. 3 mar a leanas: |
| 3 |
| 4 Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam. |
| 4 |
| 5 Dúirt mé liom féin, mar sin: ' Tá mé díbeartha as do láthair. Conas a gheobhaidh mé radharc arís ar do Theampall naofa?' |
| 5 |
| 6 Bhí na huiscí do mo chiorclú, agus mé i mbaol mo mhúchta; bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn. |
| 6 |
| 7 Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom! |
| 7 |
| 8 Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m' achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa: |
| 8 |
| 9 Go n-éirí lucht adhartha íol gan éifeacht as a mbaothdhílseacht dóibh. |
| 9 |
| 10 I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.» |
| 10 |
| 11 Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/jonah/002.mp3
4
2