Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim. |
| 2 |
| Daorbhreith ar an tSamáir |
| 3 |
| Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne. |
| 4 |
| Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar. |
| 5 |
| De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í? |
| 6 |
| Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith. |
| 7 |
| Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís. |
| 8 |
| Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí. |
| 9 |
| Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d' aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin. |
| 10 |
| Ná fógraígí é seo i nGat; ná siligí deora [i mBáca]; déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá! |
| 11 |
| Séidigí an stoc, a áitritheoirí Shaifír! Ní bhogann áitritheoirí Zánán amach as a mbaile. Tá Béit Eizéil faoi bhrón; tógfar uait gach taca. |
| 12 |
| Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót bheith ag súil lena slánú; mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna fad le geataí Iarúsailéim féin. |
| 13 |
| Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.) |
| 14 |
| Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat. Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach ina n-ábhar meallta do ríthe Iosrael. |
| 15 |
| Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh, a áitritheoirí Mháraeiseá. Scriosfar Adulám go deo ar nós ghlóir Iosrael. |
| 16 |
| Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/micah/001.mp3
7
1