Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b' fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.
Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n-aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.
Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.
Ar an ábhar sin,» a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, «dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.»
Cuirfidh an Tiarna scanradh a n-anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.
Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt agus scriosfaidh sé an Asaír agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.
Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t-ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.
An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: «Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil»? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.