Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais. |
| 2 |
| Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár. |
| 3 |
| Éist le holagón na n-aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta. |
| 4 |
| Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: «Beathaigh an tréad atá le marú.» |
| 5 |
| Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: «Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.» Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n-aoirí dóibh. |
| 6 |
| Óir, ní bheidh trua agam d' áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad. |
| 7 |
| Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; «Cineáltas» a thug mé mar ainm ar cheann acu agus «Aontacht» ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú. |
| 8 |
| In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith. |
| 9 |
| «Ní bheathóidh mé sibh níos mó,» arsa mise. «Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.» |
| 10 |
| Thóg mé mo bhachall «Cineáltas» agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal. |
| 11 |
| Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna. |
| 12 |
| Dúirt mé leo ansin: «Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.» Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d' airgead geal. |
| 13 |
| «Caith isteach i gciste an Teampaill é,» arsa an Tiarna liom, «an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.» Ansin thóg mé an tríocha píosa d' airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna. |
| 14 |
| Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, «Aontacht», ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh. |
| 15 |
| Dúirt an Tiarna liom ansin: «Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair. |
| 16 |
| Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh. |
| 17 |
| Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/zechariah/011.mp3
14
11