«Cad é a fheiceann tú?» ar seisean liom. «Is é rud a fheicim,» arsa mise, «ná crann solais agus é déanta go hiomlán d' ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.
Mar fhreagra air sin dúirt an t-aingeal a bhí ag caint liom: «Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?» «Níl ná a fhios, a dhuine uasail,» arsa mise leis.
6a Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: 6b Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: «Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua. ABN: 6a, 10b, 11, 12, 13, 14, 6b, 7, 8, 9, 10.
Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: «Nach álainn í! Nach álainn í.'»
«Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.
10 Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.» 10b «Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.»
Labhair mé leis arís, á rá: «Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.»