Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi; feicfidh Gazá é chomh maith agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin; beidh Eacrón ar crith freisin, mar cuirfear a dóchas ó chrích. Díothófar rí Ghazá agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.
Sracfaidh mé óna bhéal an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós, agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla ó idir a fhiacla. Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de, agus beidh sé ina chlann in Iúdá; agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.
Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí, mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n-imeoidh; ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta, mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.
Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha, agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead. Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airm in aghaidh chlann mhac Iáván, agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot.
Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn. Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí; séidfidh an Tiarna Dia an stoc, agus réabfaidh sé leis ar aghaidh ar stoirmeacha an deiscirt.
Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra.
Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.