Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 3:19 «Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua. |
| 2 |
| 3:20 Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m' ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla. |
| 3 |
| 3:21 Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua. |
| 4 |
| «Coimeádaigí cuimhne ar dhlí Mhaois, mo sheirbhíseach; óir, is dó a thug mé dlíthe agus reachtanna ar Horaeb i gcomhair Iosrael go léir. 3:22 |
| 5 |
| «Féach! Tá sé beartaithe agam an fáidh, Éilias, a chur chugaibh sula dtiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna. 3:23 |
| 6 |
| 3:24 Iompóidh sé croí na n-aithreacha i leith a gclainne agus croí na clainne i leith a n-aithreacha ar eagla go dtiocfainn agus mallacht a chur ar an tír.» |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/malachi/004.mp3
4
4