Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
«Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Íosácár curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Zabúlun curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.
Nuair a bhíonn an taibearnacal le gluaiseacht, is iad na Léivítigh a chaithfidh é a bhaint óna chéile agus nuair a bhíonn sé le cur suas arís, is iad na Léivítigh a chaithfidh é chur suas. Aon duine eile a thagann ina ghaire, cuirtear chun báis é.
Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.»