Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh;
«Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: 'Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!'
In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n-íobairtí loiscthe agus bhur n-íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.»
Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;
Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: «Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: 'tabharfaidh mé daoibh é'. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.»
Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh.
Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: «Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n-anam romhat.»