Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: «Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo!
Cad ab áil leis an Tiarna dár dtabhairt isteach sa tír seo d' fhonn go dtitimís de rinn claímh agus go ngabhfaí ár mná agus ár miondaoine mar chreach? Nárbh fhearr dúinn filleadh ar an Éigipt?»
Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.»
Dúirt an Tiarna le Maois: «An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d' ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?
D' fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: «Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.
Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche.
' Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.'
' Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.'
an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór
Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air.
(Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.»
Titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo; sea de líon bhur bhfear go léir a áiríodh sa daonáireamh ó aois fiche bliain agus breis, a rinne gearán i m' aghaidh,
Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n-aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach.
Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.'
Mise an Tiarna a labhair. Sin í an íde a thabharfaidh mé go cinnte ar an mhuintir chlaon seo go léir a rinne comhcheilg i m' aghaidh. Anseo san fhásach seo déanfar díth orthu go dtí go dtiteann an duine deireanach marbh ann.»
Na fir a sheol Maois chun an tír a bhrath, agus a chrom tar éis filleadh dóibh ar mhuintir Iosrael a ghríosú chun cnáimhseála in aghaidh an Tiarna lena ndrochthuairisc ar an tír,
Ansin d' éiríodar go moch agus chuireadar chun bealaigh i dtreo arda na sléibhte á rá: «Seo anseo sinn, cuirimís chun bealaigh i dtreo na háite sin ó dúirt an Tiarna linn gur pheacaíomar.»
Sin é an tAmailéiceach agus an Canánach os bhur gcoinne agus titfidh sibh de rinn a gclaímh mar gur thug sibh droim le lorg an Tiarna agus níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht.»
Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.