agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,
Aon duine deoranta a bhíonn ag cur faoi in bhur measc, nó i measc bhur sleachta, más áil leis íobairt dhóite a dhéanamh, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, déanadh sé mar a dhéanann sibhse; déanadh
an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t-aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch;
mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.
Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n-ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n-íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,
tabharfar maithiúnas do chomhthionól chlann Iosrael ar fad, agus don choimhthíoch ag cur faoi ina measc, óir rinne an pobal go léir peaca trí neamhaire.
Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó,
cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t-aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.
Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
«Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.
Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais.