Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D' ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach. |
| 2 |
| Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: «Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.» |
| 3 |
| D' éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo. |
| 4 |
| D' fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí. |
| 5 |
| Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: «Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.» |
| 6 |
| Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás. |
| 7 |
| Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: «Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d' aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.» Ghuigh Maois ar son an phobail. |
| 8 |
| Dúirt an Tiarna le Maois: «Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.» |
| 9 |
| Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d' fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh. |
| 10 |
| Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus shuíodar a gcampa in Obot. |
| 11 |
| Ansin chuadar ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ívé Abáraím san fhásach taobh le Móáb i dtreo éirí gréine. |
| 12 |
| Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa i nGleann Zeirid. |
| 13 |
| Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh. |
| 14 |
| Deirtear uime sin i Leabhar Chogaí an Tiarna: Váhaeb i Súfá, agus gleannta Arnón, |
| 15 |
| agus sleasa na ngleannta a ritheann síos go láthair Ár, agus a chromann thar teorainn Mhóáb? agus ar aghaidh leo as sin go Béar |
| 16 |
| Is faoin tobar ansiúd a dúirt an Tiarna le Maois: «Cruinnigh an pobal le chéile agus tabharfaidh mé uisce dóibh.» |
| 17 |
| Ansin is ea a chan Iosrael an laoi: «Sceith, a thobar! Canaigí dó! |
| 18 |
| Na prionsaí a thochail, agus ceannairí an phobail a bhain, lena slat agus lena mbataí.» agus ón bhfásach go Matáná. |
| 19 |
| Agus ó Mhatáná go Nachailíéil, agus ó Nachailíéil go Bámót, |
| 20 |
| agus ó Bhámót go dtí an gleann a shíneann go críocha Mhóáb i dtreo mullach Phisceá atá ar imeall an fhásaigh. |
| 21 |
| Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá: |
| 22 |
| «Lig dom gabháil trí do chríocha; ní rachaimid ar seachrán trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.» |
| 23 |
| Ach ní ligfeadh Síochon d' Iosrael gabháil trína chríocha. Thionóil sé a chuid fear ar fad agus amach leis san fhásach in aghaidh Iosrael agus tháinig go Iáhaz, agus chuir cath ar Iosrael. |
| 24 |
| Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón. |
| 25 |
| Ghabh Iosrael na cathracha seo go léir agus chuir Iosrael fúthu i gcathracha uile na nAmórach, i Heisbeon agus in gach baile dá chuid. |
| 26 |
| Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón. |
| 27 |
| Uime sin canann baird: «[Misneach, a Heisbeon! Tusa atá dea-thógtha ar bhonn daingean!] A chathair Shíochon! |
| 28 |
| Óir tháinig tine as Heisbeon, lasair as chathair Shíochon. D' alp sí Ár Mhóáb, agus shlog sí arda Arnón. |
| 29 |
| Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach. |
| 30 |
| Scrios Heisbeon na leanaí chomh fada le Díobon, na mná chomh fada le Nofach, [na fir] chomh fada le Maedabá.» |
| 31 |
| Chuir Iosrael fúthu ansin i dtír na nAmórach. |
| 32 |
| Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh. |
| 33 |
| Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n-aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí. |
| 34 |
| Ach dúirt an Tiarna le Maois: «Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.» |
| 35 |
| Bhriseadar air dá bhrí sin, agus ar a mhic agus ar a mhuintir: níor fágadh fear inste scéil díobh. Ghabhadar seilbh ar a chríocha. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/numbers/021.mp3
36
21