Dúirt sé le seanóirí Mhidián: «Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.» Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t-am sin.
Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: «Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach.
Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b' fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.»
Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.
«Fanaigí anseo thar oíche,» ar sé leo, «agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.» D' fhan prionsaí Mhóáb le Balám.
' Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin b' fhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.'»
D' éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: «Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.»
Ach d' fhreagair Balám teachtaí Bhálác: «Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d' ór agus d' airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.
Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: «Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.»
Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.
Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d' imigh an t-asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t-asal á chur ar ais ar an mbóthar.
Dúirt Balám leis an asal: «Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!»
Dúirt an t-asal le Balám: «Nach mise d' asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d' óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?» «Ní dhearna tú,» ar sé.
Ansin d' oscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla.
Dúirt aingeal an Tiarna leis: «Cad a b' áil leat ag bualadh d' asail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham.
Chonaic an t-asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.»
Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: «Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.»
D' fhreagair aingeal an Tiarna Balám: «Téigh in éineacht leis na fir seo, ach ná habair aon ní ach mar a déarfaidh mé leat.» D' imigh Balám ar aghaidh dá bhrí sin le taoisigh Bhálác.
Nuair a chuala Bálác go raibh Balám tagtha, chuaigh sé amach ina choinne i dtreo Ár Mhóáb ag teorainn an Arnón, ar an imeall is sia ó bhaile den teorainn.
Dúirt Bálác le Balám: «Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, b' fhéidir, onóir a chaitheamh leat?»
D' fhreagair Balám Bálác: «Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.»