«Tabhair an t-ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ' An ofráil dom, mo bhia d' íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.'
Abair leo: Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna: Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.
Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.
Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.
I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n-uan bliana gan mháchail.
Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d' uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.
Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.
Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n-abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm.
Ní foláir an méid seo a dhéanamh de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an abhlann a ghabhann léi. Bídís agaibh gan mháchail mar aon lena n-íobairtí dí.