Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.
Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.
Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d' fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n-abhlann agus lena n-íobairtí dí.
Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.
Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n-ofrálacha móide agus deona, bhur n-íobairtí uileloiscthe, bhur n-abhlanna agus bhur n-íobairtí dí agus bhur n-íobairtí comaoineach.»