Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.»
Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t-aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir.
Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t-aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t-aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh.
má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,
agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,
ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ' abhlann éada' í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.
Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.
Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: 'Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d' fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit.
Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d' fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile'
ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi ' go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.
Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t-uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti.
Tar éis dó é a chur d' iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t-uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.
nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.